Ár gCuspóirí:

Oibríonn Conradh na Gaeilge Bóirche Íochtar go dúthrachtach chun an teanga a chur chun cinn agus a fhorbairt sa cheantar ar bhun cultúrtha agus oideachais.

Cad a chuirimid ar fáil?

Tugtar deis do pháistí agus do dhaoine fásta eolas a fháil ar a n-oidhreacht i gclár cuimsitheach gníomhaíochtaí teanga, cultúrtha agus oideachasúla, a reáchtáiltear trí mheán na Gaeilge.

San áireamh i ngníomhaíochtaí lárnacha na craoibhe tá:

  • Ranganna Gaeilge
  • Scéimeanna Samhraidh agus Féilte
  • Scoláireachtaí Gaeltachta a sholáthar
  • Scrúduithe Gaeilge a chur ar mhic léinn agus Fáinní a bhronnadh
  • Foilseacháin áitiúla a chur ar fáil, ina measc féilire bliantúil agus leabhar logainmneacha na mbailte fearainn áitiúil.

A View of the Mournes

 
Phone No: 028 437 68548    
Email: