Imeachtaí:
Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil ár bhfoilseacháin is deireanaí á n-eisiúint againn:
Leabhar Logainmneacha agus Bailte Fearainn Bhoirche Íochtair agus ár bhFéilire don bhliain 2007. Is féidir an dá fhoilseachán seo a cheannach ón aon duine de bhaill an choiste.
Ba mhaith linn an deis seo a ghlacadh chun buíochas a ghabháil le Micheál Ó Mainín, le Comhairle an Iúir agus Mhúrn agus le Foras na Gaeilge as ucht a dtacaíocht agus a dtreorach, a chinntigh go bhfeadfaí na foilseacháin seo a eisiúint.
Ranganna Gaeilge:
| Rang
|
Ionad
|
Am |
Aoiseanna
7 -16
|
Ionad Pobail Áth na Long
|
Dé Céadaoin 7.30i.n
|
| Daoine Fásta |
Teach Cónaithe McGreevy |
Dé Máirt 7.30pm |
I láthair na huaire tá muid i mbun oibre chun grúpa Máithreacha agus Tachrán (páistí nach bhfuil fós in aois naíscoile) a eagrú do cheantar Bhoirche Íochtair. Trí Ghaeilge a bheidh an grúpa seo á reáchtáil. Beidh níos mó eolais faoin ábhar seo ar fáil sna meáin áitiúla agus ar an suíomh gréasáin seo sna míonna atá le teacht.
Scoil Samhraidh Gaeilge 2006
Bhí ár Scoil Samhraidh bhliantúil ar siúl ó Dé Luain 3 Iúil – Dé hAoine 7 Iúil 2006 agus de réir na dtuairiscí d’éirigh thar cionn leis, ní hamháin dar leis na 110 páiste a d’fhreastail air agus a dtuismitheoirí, ach dar lenár n-urraí chomh maith- Foras na Gaeilge agus Comhairle an Iúir agus Mhúrn. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil lenár n-urraí agus le CLG as ucht a dtacaíocht leanúnach a chuireann rath ar ár Scoil Samhraidh.
Cliceáil anseo chun pictiúir den Scoil Samhraidh 2005-2006 a fheiceáil.
Éileamh ar Oideachas Dátheangach i gceantar Bhoirche
Thionscain muid comhpháirtíocht
ar na mallaibhí le Comhairle na Gaelscolaíochta, comhairle an Oideachais trí Mheán na Ghaeilge, agus é mar aidhm againn naíscoil Ghaeilge a bhunú i gceantar Bhoirche.
Tá rath ar scoileanna Gaeilge i gceantair in aice láimhe, mar shampla i gCaisleán Uidhlín, ar an Iúr agus i nDún Phádraig, agus creidimid go bhfuil éileamh láidir ar scoil Ghaeilge a dhéanfadh freastal ar mhórcheantar Bhoirche.
Tá muid ag féachaint faoi láthair ar shuíomh féideartha do Naíscoil i **Maghereagh**, agus creidimid go mbeadh sé d’acmhainn ag an láthair sin freastal ar pháistí ó gach páirt de cheantar Bhoirche.
Má tá spéis ag aon duine oideachas trí Ghaeilge a aimsiú dá p(h)áiste, nó go díreach má tá spéis ag aon duine páirt a ghlacadh sa ghrúpa fócais, molaimid daoibh dul i dteagmháil le Mary Carabine ag Comhairle na Gaelscolaíochta ag 9032 1475 nó ar r-phost: mcarabine@comhairle.org.
Grúpa Mathaireacha/Páiste :
| Rang |
Ionad |
Am |
Aoiseanna
7 -16 |
Ionad Pobail Áth na Long |
Dé Céadaoin 10am - 11am
|
|