An Stáir S’againne:

Scéal fada ilghnéitheach é scéal chraobh Bhoirche Íochtair de Chonradh na Gaeilge. Ó bunaíodh an chraobh i 1902 bhí sí thuas seal thíos seal, ach d’éirigh léi i gcónaí a theacht faoi bhláth arís!

Caith súil ar an líne ama thíos chun níos mó eolais a fháil ar ár stair spéisiúil.......

An Tús
1902

Bunaíodh an chraobh. D'éirigh go rímhaith leis an eagraíocht ina céad bhliain.

  • Tugadh tacaíocht mhaith do na ranganna teanga
  • D'eagraigh an chraobh a céad Feis ar an 16 Samhain 1902.

Na Blianta Gruama
1940-1981

Cé gur éirigh go geal leis an chraobh ar dtús, tháinig meath ar úsáid na Gaeilge sa cheantar de réir a chéile. Tháinig deireadh le craobh Bhoirche Íochtair sa bhliain 1940 in ainneoin rath na mblianta luatha.

An Athbheochan
Na 1980dí

Faoi stiúir na bhfear áitiúil Sean Rodgers, Willie McGreevy agus Liam McGreevy, athbhunaíodh Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair.
D’éirigh thar barr lena n-iarrachtaí spéis na ndaoine sa Ghaeilge a athmhúscailt, agus iad ag fáil tacaíochta ó CLG An Ghlasdromainn agus Gerry Downey ó Chomhaltas Uladh.

Mórghníomhartha

  • Athbhunú na Craoibhe
  • Tús curtha le ranganna Gaeilge
  • 'Oícheanta Gaelacha' curtha ar bun - Ceol, Damhsa & Duanaireacht.
  • Eagrú déanta ar chuairteanna míosúla chuig Craobh Leath Chathail de Chonradh na Gaeilge i gcomhair 'Oícheanta Áirneáil'.

1990 go dtí an lá atá inniu ann

Seo a leanas cuid de na bearta is mó a d’éirigh linn a chur i gcrích go dtí seo:

  • Cuireadh ar siúl comórtas Gaeilge do dhaltaí bunscoile agus meánscoile.
  • Scoil Samhraidh Gaeilge agus Féile.
  • Cuireadh scrúduithe Gaeilge ar dhaltaí agus bronnadh Fáinní. Ba í Blathiad ó Ó Brádaigh a bhí i mbun an tionscnaimh seo.
  • Cuireadh scrúduithe Gaeilge ar dhaltaí agus bronnadh scoláireachtaí.
  • Cúig Cinn de Dhuaiseanna Glór na nGael: Tugann an comórtas cáiliúl seo aitheantas do ghrúpaí atá páirteach i gcur chun cinn na Gaeilge trí thionscnaimh fhorbartha pobail.

 

 

 

 

 

The Beginning

The Dark Days

 

 

 
Phone No: 028 437 68548    
Email: